Eats & Beats 2026
Deireadh Seachtaine Bríomhar lán de ‘Bhia agus Buillí’ le Filleadh ar an Chaisleán Nua
Tá Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin thar a bheith sásta a fhógairt go bhfillfidh an fhéile ‘Bia agus Buillí’, féile a mbíonn an-éileamh uirthi, ar an Chaisleán Nua Dé Sathairn 5 agus Dé Domhnaigh 6 Meán Fómhair.
Beidh na Beanna Boirche galánta sa chúlra i bPáirc Dhónairt agus, arís i mbliana, tabharfaidh an fhéile dhá lá seo an chuid is fearr den cheol bheo, den bhia ceardaí agus den tsiamsaíocht teaghlaigh le chéile. Is cinnte go mbeidh eispéireas speisialta bríomhar ag cuairteoirí de gach aois.
Táthar ag súil leis go mbeidh féile na bliana seo níos mó agus níos uaillmhianaí ná riamh. Beidh dhá ardán ann i mbliana ar a mbeidh léiriú beo agus 24 ghrúpa réigiúnacha agus idirnáisiúnta le feiceáil le linn dheireadh na seachtaine. Beidh faill ag lucht féachana na féile ar phríomhaíonna ar nós D:Ream, Anna’s Number agus When Ireland Rocked, grúpa a bhfuil giotáraí cáiliúil de chuid Thin Lizzy, Eric Bell, ag seinm leo. Chomh maith leis sin, beidh scoth na n-ealaíontóirí áitiúla agus daoine a bhfuil tóir orthu ann. Cliceáil anseo chun tuilleadh a léamh.
Chun sonraí iomlána an imeachta a aimsiú agus chun do chuairt a phleanáil, féach: www.visitmournegullionstrangford.com/whats-on/giant-adventures/eats-and-beats.
A Vibrant Weekend of Eats & Beats Set to Return to Newcastle
Newry, Mourne and Down District Council is delighted to announce the return of the popular Eats & Beats Festival to Newcastle on Saturday 5 and Sunday 6 September.
Set against the stunning backdrop of the Mourne Mountains in Donard Park, the much-loved two-day festival will once again bring together the very best in live music, artisan food and family entertainment, promising a vibrant and memorable experience for visitors of all ages.
This year’s event is set to be bigger and more ambitious than ever before, with two live performance stages featuring more than 24 regional and national music acts across the weekend. Festival audiences can look forward to performances from headline acts including, D:Ream, Anna’s Number and When Ireland Rocked, featuring legendary Thin Lizzy guitarist Eric Bell, alongside an exciting line-up of emerging local talent and crowd favourites. Click here to read more.
For full event details and to plan your visit, head to: www.visitmournegullionstrangford.com/whats-on/giant-adventures/eats-and-beats.
Back







