Seachtain na Gaeilge
Lean an nasc seo chun teacht ar an treoir fuaimnithe a ghabhann leis an fhéilire thuas a rinneadh mar chuid de chéiliúradh Sheachtain na Gaeilge 2023: https://youtube.com/playlist?list=PL4UvEcPccBr4X5QYZX1ASwdSURarvBsai
Ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge 2023 le Taispeáint Bheochana, Scannáin, Ceolchoirm Teaghlaigh agus Ceol Traidisiúnta
Cuideoidh Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin le ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge i mbliana trí chlár speisialta ábhar agus imeachtaí ó 1 Márta go Lá Fhéile Pádraig, 17 Márta.
Dúirt Cathaoirleach Chomhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, an Comhairleoir Michael Savage, “Tá teacht aniar agus diongbháilteacht léirithe ag daoine aonair agus grúpaí áitiúla Gaeilge as dul i ngleic leis na dúshláin atá rompu le blianta beaga anuas. Tá lúcháir orm go bhfuil pobal na Gaeilge ag teacht le chéile arís i rith Sheachtain na Gaeilge, chun an teanga a cheiliúradh ar fud ár gceantair. Tá tionscadail agus imeachtaí forbartha ag an Chomhairle a chuireann leis an obair atá ar bun ag an phobal áitiúil. Tá mé ag súil go mór leis an tsraith nua beochana Gaeilge agus an tsraith físeán úr faoi logainmneacha a bheidh le feiceáil ar ár gcainéal YouTube.”
Beidh Scéim Sparánachta na Gaeilge 2023-24 ag oscailt Dé Luain an 13 Márta ag meán lae. Chun a thuilleadh eolais a fháil agus le hiarratas a dhéanamh, téigh go: www.newrymournedown.org/ssng
Príomhthograí Sheachtain na Gaeilge 2023
Seoladh ‘Dochreidte’ – Sraith beochana scríofa ag daltaí áitiúla
Is sraith de dheich mbeochan atá léirithe ag Boom Clap Play é an togra ‘Dochreidte’. Tháinig bunús na scripteanna ó scéalta cruthaitheacha a scríobh deichniúr dalta ó bhunscoileanna áitiúla i rith aimsir na paindéime. Forbraíodh an tsraith físe le tacaíocht ón Chomhairle, chomh maith le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta na Gaeilge faoi choimirce Scáileán Tuaisceart Éireann.
Anois agus na físeáin curtha i gcrích, beidh imeacht speisialta ag tús Sheachtain na Gaeilge 2023 Dé Céadaoin an 1 Márta chun iad a thaispeáint ar an scáileán mhór i bpictiúrlann Omniplex in Iúr Cinn Trá. Sruthófar an tsraith de 10 mbeochan dar teideal “Dochreidte” ar ardáin meán sóisialta na Comhairle agus ar an ardán Gaeilge ar líne Meon Eile mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge. Chun a thuilleadh eolais a aimsiú, téigh go: www.meoneile.ie nó www.youtube.com/@newrymournedowndistrictcouncil