Scéim Sparánachta na Gaeilge 2026-2027 á seoladh/ Irish Language Bursary Scheme 2026-2027 Launched
Tá Gairm 1 de Scéim Sparánachta na Gaeilge 2026-2027 fógartha ag Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin. Cuideoidh an scéim le daoine a bhfuil cónaí orthu i gceantar na Comhairle freastal ar chúrsaí Gaeilge trí sparánacht a chur ar fáil chun cuidiú le táillí agus costais chúrsa a chlúdach.
Déanfar iarratais trí fhoirm iarratais ar líne. Beidh sin ar fáil ón Luan 9 Márta 2026, 12in. Gheofar tuilleadh eolais maidir leis an scéim ar shuíomh na Comhairle anseo https://www.newrymournedown.org/ssng áit a mbeidh nasc chuig an iarratas ar líne.
Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, An Comhairleoir Pilib Mac Cathmhaoil, “Is cúis áthais dom a fhógairt go bhfuil Scéim Sparánachta na Gaeilge le hoscailt arís i mbliana. Cuirtear an scéim seo ar fáil do phobal an cheantair, do dhaoine ar mhaith leo an Ghaeilge a fhoghlaim, bíodh sé i ranganna áitiúla nó trí chúrsaí a ritear in áiteanna eile.
Is í sprioc na scéime go gcuideoidh sí le táillí agus costais chúrsa a mhaolú. Is iomaí cúrsa Gaeilge a chuirtear ar fáil na laethanta seo agus molaim don phobal ar fad céim chun tosaigh a ghlacadh ar a dturas foghlama le tacaíocht ó Scéim Sparánachta na Gaeilge.”
Tá iarratais á lorg ag Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin ar sparánacht chun cuidiú le costais ar chúrsaí Gaeilge den chineál seo a leanas:
- Cúrsaí áitiúla Gaeilge
- Cúrsaí Gaeltachta
- Módúil ar chúrsaí Gaeilge
- Dianchúrsaí Gaeilge
Cuirfear fáilte roimh iarratais le haghaidh cúrsaí a bheidh ar siúl idir: 01 Aibreán 2026 – 30 Meán Fómhair 2026
Dáta oscailte: Dé Luain 9 Márta 2026, 12 nóin
Tabhair faoi deara: ní ghlacfar le hiarratas roimh an dáta oscailte.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le hAonad na Gaeilge ar lorg tuilleadh eolais
Ríomhphost: gaeilge@nmandd.org
Uimhir ghutháin: 0330 137 4463
Grúpaí Áitiúla agus Eagraíochtaí a chuireann Cúrsaí Gaeilge ar fáil
Tá grúpaí Gaeilge agus eagraíochtaí éagsúla sa cheantar a chuireann cúrsaí Gaeilge ar fáil sa seomra ranga agus ar líne. Thíos faoi, tá liosta de ghrúpaí Gaeilge agus leathanaigh Facebook chun cuidiú leat páirt a ghlacadh i gcúrsaí Gaeilge.
facebook.com/boirche.iochtar
facebook.com/CrotlieveIrishSociety
facebook.com/cumanngaelach.leathchathail
facebook.com/cumannGaelachNaomhMochai
facebook.com/Gaeláras-Mhic-Ardghail
facebook.com/gaelphobalardmhachatheas
facebook.com/glor.uachtartire
facebook.com/milefailte15
Chomh maith leis sin, thíos faoi seo, tá liosta d’eagraíochtaí eile atá in ann cuidiú leat Gaeilge a fhoghlaim i ranganna atá ar siúl cóngarach duit nó ar líne.
Is féidir leat tuilleadh eolais ar Scéim Sparánachta na Gaeilge nó ar na heagraíochtaí thuasluaite a fháil trí rphost a chur chuig gaeilge@nmandd.org nó ar www.newrymournedown.org/gaeilge.
Newry, Mourne and Down District Council have announced the opening date for Call 1 of the Irish Language Bursary Scheme 2026-2027. The scheme will help residents in the district to attend Irish Language colleges and courses through bursary assistance aimed at covering course costs and fees.
Applications will be submitted via an online application form. This will be available from 12noon on Monday 9 March 2026. Further information regarding the scheme can be found on the Council’s website www.newrymournedown.org/ssng where a link to the online application can be accessed from the schemes opening date.
Newry, Mourne and Down District Council Chairperson, Councillor Philip Campbell said, “I am pleased to announce that the Irish Language Bursary Scheme is opening again this year. The scheme is run for the local community, to support people who wish to learn Irish, whether at local classes or through courses run elsewhere. The aim of the scheme is to help to alleviate some of the course fees and costs for learners. There are many Irish language courses currently available, and I encourage all in our community to take the next step in their learning journey with support from Council’s Irish Language Bursary Scheme.”
Newry, Mourne and Down District Council invites applications for bursaries towards:
- Local Irish Language Courses
- Gaeltacht Colleges
- Modules within Irish Language Courses
- Intensive Irish Language Courses
Applications are welcome for courses taking place between: 1 April 2026 – 30 September 2026
Opening date: Monday 9 March 2026, 12 noon
Please note: no applications will be accepted prior to the opening date.
For further information please contact The Irish Language Unit:
Email: gaeilge@nmandd.org
Phone: 0330 137 4463
Local Groups and Organisations providing Irish Language Courses
Various Irish Language groups and organisations in the district offer courses both in the classroom environment and virtually. Below is a list of Irish Language based groups on Facebook to help you find out more about Irish classes and courses in your area.
facebook.com/boirche.iochtar
facebook.com/CrotlieveIrishSociety
facebook.com/cumanngaelach.leathchathail
facebook.com/cumannGaelachNaomhMochai
facebook.com/Gaeláras-Mhic-Ardghail
facebook.com/gaelphobalardmhachatheas
facebook.com/glor.uachtartire
facebook.com/milefailte15
In addition, below are some other great online resources to help you find out what Irish Language events are going on near you or online.
For further information on the Irish Language Bursary Scheme 2026-2027 or the organisations mentioned above please email gaeilge@nmandd.org or visit








.jpg)